Go Back

Sinead Foy
Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta
Is comhalta í Sinéad de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte, agus tá Máistreacht san Eolaíocht Eacnamaíoch aici in Anailís Beartais. Chuaigh Sinéad isteach san Oifig mar iniúchóir faoi oiliúint in 2009 agus tá breis agus 12 bliain taithí iarcháilíochta aici. D'oibrigh sí ar phunanna iniúchta agus iniúchta feidhmíochta éagsúla agus chaith sí seal freisin ag bainistiú aonad AD, Foghlama agus Forbartha na hOifige.
Mar Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta, tá sí freagrach as iniúchtaí airgeadais agus as obair thuairiscithe na Roinne Coimirce Sóisialaí. I measc na réimsí freagrachta eile tá scrúduithe agus tuairisciú ar chomhlachtaí éagsúla faoi shainchúram iniúchta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Iniúchóra.





